Ag Tabhairt Guth Láidir do Thomhaltóirí
Comhlacht reachtúil is ea an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA) a bhunaigh Rialtas na hÉireann i mí na Bealtaine 2007. Féachann sé le leasanna tomhaltóirí a chosaint agus cultúr láidir tomhaltóirí a neadú in Éirinn.
Tá sainordú an-láidir tugtha don NCA ag an rialtas le cearta tomhaltóirí a chosaint trí:
- Abhcóideacht bhríomhar, taighde spriocdhírithe, faisnéis do thomhaltóirí, agus cláir oideachais agus fheasachta
- Dlíthe Tomhaltóirí a fhorfheidhmiú go córasach
Bunaigh an tAire Fiontar, Trádála & Fostaíocht an Ghníomhaireacht mar fhreagairt ar thuairisc a d'fhoilsigh an Grúpa Straitéise Tomhaltóirí in 2005 dar theideal: Make Consumers Count. Sonraíodh easnaimh thábhachtacha sa tuairisc seo maidir le cearta tomhaltóirí a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn.
Déanann an NCA:
- Ionadaíocht ar ghuth an tomhaltóra
- Reachtaíocht tomhaltóirí a fhorfheidhmiú
- Leasanna tomhaltóirí a chosaint ar na leibhéil chinnteoireachta náisiúnta agus áitiúla is airde
Mar phléadálaí tomhaltóirí agus chosantóir chearta na dtomhaltóirí, tá ról tábhachtach ag an NCA ó thaobh a bheith ag obair le gnónna, chun cabhrú leo tacú le hoibleagáidí rialála a chomhlíonadh agus chun an scothchleachtas maidir le cearta tomhaltóirí a spreagadh. Oibríonn oifigigh ainmnithe an NCA taobh le heagraíochtaí gnó agus ionadaíochta chun feasacht ar shaincheisteanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus chun dlíthe tomhaltóirí a fhorfheidhmiú.
Céard a Dhéanaimid
Tá ár n-obair roinnte ina chúig phríomhfheidhmeanna:
Foghlaim níos mó
Léigh tuilleadh faoi chúlra na gníomhaireachta
Faigh amach faoi bhord an NCA